Coláiste Íde

Meánscoil Chónaithe do Chailíní

Curaclam

Tá curaclam Choláiste Íde dírithe ar neamhspleáchas aigne a spreagadh sna cailíní, iad a ghríosadh chun foghlama agus dúil sa léann a mhúscailt iontu. Chuige seo tá sé mar aidhm ag an scoil oideachas leathan acadúil a sholáthar. Baintear amach torthaí acadúla den chéad scoth, a bhuíochas d’obair na múinteoirí agus den staidéar faoi mhaoirseacht, agus téann céatadán ard de mhic léinn an choláiste chun cinn chuig oideachas tríú leibhéal. Tá múinteoir gairmthreorach den scoth ar fáil chun comhairle a leasa a chur ar na cailíní maidir le hábhair a roghnú agus chun cabhrú leo cinneadh a dhéanamh ó thaobh oideachais tríú leibhéal. Mar thoradh ar seo, bíonn na cailíní sár-oilte ó thaobh cumais agus muiníne agus iad ag tabhairt a n-aghaidh ar an saol tar éis a dtéarma i gColáiste Íde.

Teastas Sóisearach

Ábhair ar fáil de ghnáth: Gaeilge, Béarla, Fraincis, Stair, Tíreolaíocht, Matamaitic, Eolaíocht, Oideachas Saoránach Sóisialta agus Polaitíochta (OSSP), Teagasc Creidimh, Corpoideachas, Ríomhairí, Staidéar Gnó, Eacnamaíocht Bhaile, Ealaín, Deaslabhairt agus Drámaíocht. Ceoltóireacht don Teastas Sóisearach ag brath ar acmhainní.

Ardteistiméireacht

Ábhar ar fáil de ghnáth: Gaeilge, Béarla, Fraincis, Matamaitic, Bitheolaíocht, Teagasc Creidimh, Corpoideachas, Gairmthreoir, Stair, Eacnamaíocht Bhaile, Ealaín, Ceimic, Tíreolaíocht, Staidéar Gnó. Tá Ceol nó Fisic ar fáil go dtí seo mar ábhar breise. Tá sé de dhualgas ar scoláirí gach scrúdú a dhéanamh trí Ghaeilge mar atá i bpolasaí na scoile.

Staidéar faoi mhaoirseacht

Cabhraíonn an staidéar faoi mhaoirseacht le daltaí nósanna maithe staidéir a chleachtadh, agus cabhraíonn sé seo chun torthaí maithe acadúla a bhaint amach.

Ríomhairí agus Teicneolaíocht Faisnéise

Cuirtear cúrsaí sa Teicneolaíocht Faisnéise ar fáil sa seomra ríomhaireachta. Tugann an cúrsa seo oiliúint i bpróiseáil focal, bunachar sonraí, scarbhileoga agus in úsáid an idirlín agus an ríomhphoist. Tá scrúdú ECDL ar fáil do dhaltaí sa cúigiú agus sa séú bliain.