Cuireann Coláiste Íde míle fáilte roimh gach cailín ach moltar do dhaoine cur isteach ar áit sa scoil ar a laghad trí bliana roimh ré mar go bhfuil teorainn leis an méid áiteanna atá ar fáil. Tugtar tús áite dóibh siúd is túisce a thagann chugainn. Caithfidh líofacht Gaeilge a bheith ag cailíní a théann isteach i mbliain a dó nó aon bhliain os a chionn.
Má tá suim agat d’iníon a chlárú le Coláiste Íde ní mór dul i dteagmháil le rúnaí na scoile chun foirm iarratais agus pacáiste eolais a fháil.