Spórt & Caitheamh Aimsire



Enjoying the horses G né thábhachtach de scoil chónaithe is ea spórt agus caitheamh aimsire do mhic léinn. I measc na gcluichí atá i gColáiste Íde tá cispheil, rounders, unihoc, badminton, leadóg agus leadóg bhoird, peil, aclaíocht agus púl.



A Day out riding ! Marcaíocht Capall
Tá cead ag gach scoláire tairbhe a bhaint as áiseanna marcaíocht capall faoi stiúir teagascóirí cáilithe atá ag Coláiste Íde féin. Leanann siad siollabas agus déanann siad scrúduithe sa mharcaíocht agus i mbainistíocht stáblaí faoi scáth AIRE – Cumann Ionad Marcaíochta na hÉireann.



Swimming in Dingle Snámh
Tá linn snámha aoibhinn Óstán na Sceillge i ngiorracht urchar méaróige den scoil agus cuirtear mionbhus ar fáil gach seachtain chun na mic léinn a bhreith isteach ann.



Having Fun ! T á scata mór caitheamh aimsire eile sa choláiste ina measc drámaíocht, caint phoiblí, íospóireachtaí, ceol, tráth na gceist, agus cluichí boird, Is féidir leat taitneamh a bhaint as an dtimpeallacht álainn fholláin agus tú ag siúl i measc na gcrann ar bhruach na mara.



Ár Halla Spóirt
Ár Halla Spóirt
Ár nGort Imeartha
Ár nGort Imeartha



©

1999-2007

Baile