![]() |
Nuacht |
|
Cúrsaí Ceoil |
Tá cúrsaí ceoil faoi lán tseoil arís sa choláiste. Is í Audraí Ní Chearúil, Stephanie
Holstead agus Emma Bowles atá i mbun an cheoil chlasaicigh mar is gnáthach. Tá an dara sraith de ranganna ceol traidisiúnta tosnaithe arís tar éis na Nollag agus suim mhaith léirithe ag go leor daoine sa cheol traidisiúnta agus tá na ranganna sin tosnaithe le tamall anuas a bhuíochas do Fhergal Mac Amhlaoibh agus grúpa díograiseach múinteoirí eile. I measc na n-uirlisí atá á múineadh tá an veidhlín, an fheadóg mhór, an coinsirtín, an bodhrán agus tá amhránaíocht ar an sean-nós á múineadh ag Áine Ní Chatháin, iarscoláire agus amhránaí agus ceoltóir cumasach ó Dhún Chaoin chomh maith. |
|
Ceolfhoireann agus Grúpa ceoil traidisiúnta |
Tá dhá ghrúpa tagtha le chéile le déanaí sa choláiste agus ceolfhoireann bheag tosnaithe ag grúpa amháin agus grúpa ceoltóirí traidisúnta tosnaithe ag an ngrúpa eile |
Céilí![]()
|
Tháinig grúpa scoile ó Challainn, Co. Chill Chainnigh ar cuairt chun na scoile oíche dé hAoine agus oíche Dé Sathairn le déanaí. Is cuairt bhliantúil í faoin dtráth seo agus is cuid dá gcuairt Ghaeltachta í. D'imiríodar spórt i gCúirt Bhoscó oíche dé hAoine agus bhí céilí acu oíche dé Sathairn i Halla Muire. Táimid buíoch dá múinteoirí, go speisialta Dermot Rowan. |
| Seachtain na Gaeilge | Táthar ag ullmhú do Sheachtain na Gaeilge a bheidh ar siúl ón 10-17 Márta. Tá sé i gceist i mbliana go n-eagrófar imeachtaí sa choláiste chun comóradh a dhéanamh ar sheachtain náisiúnta na Gaeilge. |
| Díospóireachtaí |
D'éirigh le Sinéad Nic Giolla Phádraig, Eibhlín Nic Íomhair, Danielle Ní Chuarnáin agus Eivlín Ní Lúing dul chun sa bhabhta is déanaí de Dhíospóireachtaí Ghael-Linn. "Tá saibhreas na tíre á roinnt go cothrom" an rún agus bhí cailíní Choláiste Íde i gcoinne an rúin agus iad faoi stiúir ag a múinteoir Gaeilge, Máire de hÓra. |
|
Cúrsa Físéan |
Tá tús curtha le cúrsa físéan don chúigiú bliain faoi choimirce Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne. Is é Tomás Firtéar agus Áine Uí Dhubhshláine atá i mbun an chúrsa agus rithfear é thar cúig Sathairntí. Foghlaimeoidh na cailíní conas script teilfíse a fhorbairt agus déanfaidh siad taipeadadh ar chlár gairid. |
|
Cluichí Cispheile |
Tá cleachtadh agus cluichí tosnaithe cheana féin do na foirne cispheile faoi stiúir Regina Ní Phrionbhail |
Badminton![]()
|
Le déanaí thug Brenda Barry ó Chumann Badminton na hÉireann cuairt ar an gcoláiste chun forbairt an spóirt sin a phlé. Reachtáladh cúrsa speisialta lae i scileanna an bhadminton a reachtáil do dhaltaí an dara bliain le déanaí. Is é Ron Thompson a bhí i mbun an chúrsa. Ina theannta seo ghlac dhá fhoireann ón gcoláiste páirt i gcomórtas badminton do scoileanna Chiarraí i dTrá Lí. Seo a leanas an dá fhoireann a roghnaíodh chun ionmadaíocht a dhéanamh ar son an choláiste agus cé nár éirigh leo bhaineadar ar fad sásamh as an lá: Faoi 16 Erica Ní Fhicheallaigh Iona Ní Dhálaigh Karen Ní Thuathlair Emma Ní Chorcora Faoi 19 Danielle Ní Chuarnáin Jessica Ciceam Aibhlín de Brún Maidilín Nic Giolla Phádraig |
Rás Tras-Tíre
|
Reachtáladh trialacha ar ghort peile an choláiste do rásanna tras-tíre do scoileanna Chiarraí. Ag éirí as na trialacha sin chuir an coláiste deichniúir cailíní ar aghaidh don chéad uair do chomórtas tras-tíre an chontae. D'éirigh go hiontach leo - thugadar an dara agus an tríú duais foirne abhaile leo do chatóir na sóisir agus na hidirmheánaigh agus bhuaigh Erica Ní Fhicheallaigh bonn as an ndara háit a bhaint amach i rás aonair na n-idirmheánach agus bhuaigh Fionnuala Ní Mhurchú bonn as teacht sa chúigiú áit sa rás céanna. Bhuaigh Lauren Ní Choistealbha bonn aonair as teacht sa chúígiú áit i rás na mionúr. Dhein Ciara Ní Ghbháin éacht i rás na sóisear ach níor thug sí bonn bonn léi an turas seo. Comhghairdeachas leo ar fad. |
|
Karate |
Tá ana-shuim léirithe ag go leor cailíní sa Karate agus táthar ag iarraidh teacht ar am oiriúnach tar éis an bhrisidh lár-téarma do ranganna faoi chúram Phádraig Casanova. |
|
Tionscnamh Billy O'Riordan |
Bailíodh airgead níos luaithe sa scoilbhliain do thionscnamh Billy O'Riordan ag Oíche Bingo a d'eagraigh na daltaí féin. Ag coirmcheol na Nollag eagraíodh crannchur mór agus ghlac Mags O'Riordan, máthair Billy, leis an airgead a bailíodh. Tá an coláiste buíoch de na hurraithe ar fad a chur duaiseanna ar fáil. Cailleadh Billy go tragóideach agus é ar saoire i Malawai. Tá clinic leighis ina chuimhne tógtha i Malawai ag a mháthair Mags. Chaith Mags roinnt blianta ina múinteoir treoirghairme i gColáiste Íde. |
|
Seomra Eolaíochta |
Tá an obair athchóirithe críochnaithe anois sa seomra eolaíochta agus tá na ranganna ar fad sa scoil ag baint tairbhe as na háiseanna nua. Buíochas le gach aon duine a bhí bainteach leis an bhforbairt nua. |
|
Seomra Ealaíona |
Le linn aimsir na Nollag athraíodh an Seomra Ealaíona óna seanionad sa bhfoirghneamh réamhdhéanta go dtí suanlios Naomh Breandán. Tá scóip agus solas breá sa seomra nua anois. |
Form and Fusion
|
Ghlac cailíní an chúigiú bliain páirt i seó ealaíona Form and Fusion i gCorcaigh an tseachtain seo. Seo thíos gringhraf den éide a cuireadh ar taispeáint. Ócáid bhliantúil í seo agus ní mór do dhaltaí éide a dhéanamh as seanábhar/bruascar. Bhí ana-lá ar fad ag an rang i gCathair Chorcaí agus ba mhaith leo buíochas a ghabháil leis na múinteoirí a thaisteal leo don lá. |
|
Leabharlann na Scoile |
Tá forbairt mhór á déanamh ar Leabharlann na Scoile faoi láthair. Tá an leabharlann aistrithe anois go dtí an seanseomra ealaíona agus tá an t-ábhar ar fad a bhaineann le cúrsaí treoirghairme sa tseomra céanna leis. |
|
Ceangail Idirlín |
Le linn na Nollag cuireadh líon nó network i bhfearas sa choláiste. Tá ceangail idirlín ISDN ar fáil i ngach seomra ranga anois. Nuair a thiocfaidh an leathanbhanda chun cinn níos déanaí i mbliana beifear ábalta é seo a úsáid ar an gcóras nua seo. |
|
©![]() 1999 - 2007 |