Tá Coláiste Íde lonnaithe i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí in IarDheisceart na hÉireann. Tá cáil domhanda bainte amach ag saibhreas teanga agus cultúir na Gaeltachta seo agus is ionspioráid é an ceantar agus an cultúr do scríbhneoirí agus ealaíontóirí. I measc na scríbhneoirí is cáiliúla ón nGaeltacht seo tá údair an Bhlascaoid, Peig Sayers, Muiris Ó Súilleabháin agus Tomás Ó Criomhthain.
Deineadh na scannáin "Ryan's Daughter" agus "Far and Away" anseo. Seans gur chuala tú faoi Fungi –Deilf an Daingin atá ag cur faoi i gCuan an Daingin.
|