Conas mar a fuair Coláiste Íde a ainm



Our Church

NAOMH ÍDE

Toghadh Naomh Íde mar phatrún ar an gColáiste seo toisc gurbh múinteoir í agus bunaíodh an Coláiste mar áit ullmhúcháin le haghaidh ábhair múinteoirí agus fiú ó cuireadh deireadh le scéim na gColáistí Ullmhúcháin, téann a lán cailíní ar aghaidh fós le haghaidh múinteoireachta ón scoil seo.

Múinteoir thar an ngnáth ab ea Naomh Íde agus thug sí oiliúint chomh maith sin dá cuid scoláirí go raibh mór-chuid acu ina Naoimh - Naomh Breandán, Ciarraíoch ina measc. Tugtar "Máthair Naomh na Mumhan" uirthi dá bharr san.

N'fheadar cén sórt teagaisc a thugadh sí a rá is gur éirigh léi oiread san daoine óga a threorú chun na naofachta? Bhuel, ní foláir nó gur mhúin sí dóibh an rud a bhí aici féin mar ní féidir le héinne rud nach bhfuil aige a thabhairt do dhuine eile.

Is é an chéad rud a bhí ag Íde ná grá mór do Dhia - sin é is brí leis an ainm Íde nó "Íota" sa tsean-Ghaeilge, ciallaíonn sé tart mór. Bhaist a muintir féin i nDéise Phortláirge Déirdre mar ainm uirthi ach nuair a chonaic na daoine an mian chun na naofachta a bhí aici ghlaodar Íota nó Íde uirthi. Ní foláir nó gur mhúscail sí an tart céanna agus an dúil chéanna sa naofacht ina cuid scoláirí.

Sa tarna háit, bhí ana-dheabhóid aici don Trionóid Ró-Naofa agus dá chomhartha san d'fheictí trí bhladhmanna solais mórthimpeall a cinn agus í ag guí uaireannta. B'iad san trí pearsain na Trionóide, Athair, Mac agus Spiorad Naomh á bhfoilsiú féin di i bhfoirm solais. Roinn sí an tuiscint dhoimhin a bhí aici ar mhistéir na Trionóide ar a cuid daltaí leis, ní foláir.

Sa tríú háit, bhí grá thar cuimse aice d'Íosagán - tarna pearsa na Trionóide i gcolainn daonna. D'fhoilsíodh Íosagán é féin di i bhfís agus í ag guí.

Feicimid mar sin go raibh Naomh Íde i dteagmháil ana-phearsanta le Dia agus is uaidh sin a fuair sí an saibhreas a roinn sí ar a cuid daltaí.

Agus sinne, clann Íde anseo, iarraimís uirthi inniú a grá don Tríonóid agus d'Íosagán agus a tart chun na naofachta a thabhairt dúinn mar níl aon ní chomh taitneamhach ná chomh fiúntach ná chomh spéisiúil ná bheith ag sású an tarta san agus ag dul i méid i ngrá Dé tré fhreastal ar an Aifreann agus ar na sacraimintí agus paidreoireacht agus machnamh a dhéanamh. Leanann an léann an naofacht.



"Is bréc uile ach Íosagán."



Back to Homepage
©

1999 - 2007