Réamhrá



Coláiste Íde Is é Coláiste Íde an t-aon mheánscoil chónaithe lánGhaelach seacht lá do chailíní in Éirinn. Tá an scoil suite i measc na gcrann ar bhruach na farraige i gcroílár Ghaeltacht Chorca Dhuibhne i gContae Chiarraí. Is í an Ghaeilge teanga teagaisc na scoile agus teanga chumarsáide na macléinn, na múinteoirí agus na foirne oibre lasmuigh de ranganna. Déantar cúram faoi leith d'oideachas mórálta agus d'fhorbairt phearsanta gach dalta. Ullmhaítear cailíní Choláiste Íde chun a n-áit a ghlacadh go fiúntach sa tsochaí mar shaoránaigh freagarthacha agus tuisceanacha. Trí chabhrú leo iad féin a fhorbairt i ngach slí de réir a gcuid buanna féin múintear dóibh meas a bheith acu orthu féin, ar Dhia agus ar dhaoine eile, ar an gcultúr Gaelach – tír, teanga agus traidisiún. Cothaítear grá don bhfoghlaim mar aon le dúil i ndul chun cinn sa saol.

Conas mar a fuair Coláiste Íde a ainm



Our Church O s rud é gur meánscoil chónaithe Chaitileach é tá an Chríostaíocht mar bhonn leis an oiliúnt a thugtar ann. Is cuid lárnach dár n-iarrachtaí na Sacraimintí agus An tAifreann chun tacú le tuismitheoirí an creideamh agus luacha Críostaíochta a thabhairt dá leanaí. Ullmhaíonn na scoláirí féin an liotúirge agus an ceol do na hAifrinn laethúla agus d'Aifreann an Domhnaigh.



Gnáthlá scoile i gColáiste Íde


Bainistíocht


Fionnán Ó hÓgáin & Caitlín Ní Bheaglaoich


Bainisteoir : Fionnán Ó hÓgáin
Príomhoide : Caitlín Ní Bheaglaoich
LeasPhríomhoide : Caitlín Nic Gearailt


Stiúrthóirí
Mícheál Ó Muircheartaigh
Marion Uí Chaomhánaigh
Frank Lewis
Brian Mac Cárthaigh
Brian Mac Coitir
Brendán Mac Gearailt
Caitlín Nic Gearailt
Pádraig Ó Fiannachta S.P.
Pádraig Ó Loingsigh
Seán Ó Muircheartaigh
Diarmuid Ó Síocháin
Pádraig Ó Siochrú
Nóra Bn. Uí Chonchubhair
Ruairí Ó Dúill
Úna Bhreathnach
Eilín Uí Bhrosnacháin
Gearóid Ó Brosnacháin
Niall Ó Súilleabháin


Pátrúin
Joe McGarry
Bishop Bill Murphy
Tomás Ó Gairbhí
Liam Ó Maolmhíchíl
Dick Spring T.D.
Back to Homepage
©

1999 - 2007