Réamhrá
Na Mullins
An Chéad Tiarna - Thomas Mullins
An Dara Tiarna - William Townsend Mullins
An Tríú Tiarna - Thomas Townsend Aremberg de Moleyns
An Ceathrú Tiarna - Dayrolles-Blakney de Moleyns
An Cúigiú Tiarna - Frederick Rossmore Wauchoupe Eveleigh de Moleyns
An Séú Tiarna - Arthur William Eveleigh de Moleyns
An Seachtú Tiarna - Arthur Frederick Daubeny Evleigh de Moleyns
An tOchtú Tiarna - Andrew Harold Wesley Daubeny de Moleyns
Na hAthmháistrí
Lucht Oibre na dTiarnaí
Cad a d'imigh mícheart?
Cad a d'fhágadar againn?
Réamhrá
Tá formhór an chuntais seo bunaithe ar léacht a thug Mícheál Ó Dubhshláine, Príomhoide Scoil Dhún agus staraí áitiúil, ag Éigse Chorca Dhuibhne 2000 a tionóladh i gColáiste Íde.
Tógadh cuid de na grianghrafanna ó Dingle agus Dingle Down the Years le Tom Fox agus ó Ceamara Chorca Dhuibhne le Pádraig Tyers.

(1) Na Ventrys
Ochtar Lord Ventrys ar fad a bhí ann. Beirt acu san ní raibh aon bhaint acu le hÉirinn, i.e. Andrew an Eight Baron Ventry atá ann fé láthair, agus Arthur Frederick Daubeny an Seventh Baron a cailleadh i 1987.
Fágann sé sin seisear.
Duine eile an 6ú Baron, Arthur William, nó An Colonel, níor thug sé ach tamall ina Lord i gCorca Dhuibhne. Duine eile, an 2nd Baron William Townsend, níor mhair sé ach trí bliana ina Lord 1824-27.
Fágann sin 4 Lord.
Ní hé sin le rá ná rabhadar ann roimhe sin. Bhí, ach níor tháinig an chéad Lord Ventry ar an saol go dtí 1800, 200 bliain ó shoin go díreach. Dob é sin Thomas Mullins. Daor go maith a cheannaigh sé an Bharúntacht, vóta a thabhairt do Castlereagh don Aontacht le Sasana. Bhí sé ina theachta don nDaingean sa phairlimint Éireannach a bhí i mBaile Átha Cliath ar College Green. Luath nó mall thiocfadh sé sin ina choinne.
(2) Na Mullins
Na Mullins féin, thánadar go dtí an áit i 1666, an bhliain chéanna a dódh Londain go talamh. Aduaidh a tháinig an chéad duine Frederick, dar le Charles Smith. Bronnadh paiste de thalamh na Ríseach i mBaile an Ghóilín air, agus shochraigh sé síos sa tseanchaisleán a bhí acu san áit go bhfuil clós na feirme inniu.

Saighdiúir in arm Chromail dob ea é féin agus dob é sin an díolaíocht a fuair sé mar go raibh Cromail briste. Deireann an seanchas linn gur bhúistéir dob ea é. Ach chaithfeá a bheith aireach agus amhrasach i dtaobh aon chuntas a thagann chugainn sa tseanchas i dtaobh Lord Ventry.
An chéad seans a fuaireadar, dhíol An Countess of Mountrath gur bronnadh talamh uirthi chomh maith, a cuid leis. Bhí mórán de shaighdiúirí Chromaill timpeall, ach ní fada gur tháinig uaigneas orthu agus theastaigh uathu teitheadh ar ais go Sasana. Dhíol mórán an talamh le Mullins, ar phraghas an-shaor. Deirtear, mar shampla, gur cheannaigh Frederick talamh Fionntrá ar fad ar chapall bán.
Deireann Windele ag caint mar gheall ar Bhurnham sa bhliain 1838 agus conas gur tháinig Ventry ar an dtalamh:
Burnham has been the residence of Mullens – recently altered to De Moleyns, Lord Ventry a par venu Irish peer whose founder essayed to form large estates by various feats of land jobbings loans &cl. The injudiciousness of the means they adopted to form an extensive property of broad acres has resulted in heavy embarrasment to his family.
Ag éirí sa tsaol a bhíodar.
Dob é seo an uair go raibh Éire ina náisiún Protastúnach fiú is go raibh an chuid ba mhó den ndaonra ina gCaitlicigh. Bhí pairlimint dá gcuid féin acu i mBaile Átha Cliath ar College Green agus dob é an cuspóir ba mhó a bhí ag an bpairlimint sin ná féachaint chuige go bhfanfadh an pobal Protastúnach in uachtar. Dob í seo an chúis go raibh na Péindlithe ann. Bhí Frederick Mullins ina MP do cheantar an Daingin sa bhliain 1685 agus arís sa bhliain 1695.
Cailleadh go hóg an t-oidhre a bhí ag an gcéad Frederick, Frederick eile. Tá sé curtha i reilig Naomh Séamuis sa Daingean. Is dóigh liom gurbh é an uaigh is críonna atá sa reilig san, go bhfuil ainm air, ach go háirithe:
Here Lyeth the Body of Frederick Mullins son And Heir of Frederick Mullins Of Burnham esquire who deceased the 22 Day of October Anno Domine 1695 And the 31 Of his age.
First Baron Ventry.
An chéad duine go bhfuil aon eolas ceart againn air ná Thomas Mullins. Bhí réimse mór talún aige fén am so, mar shampla Ceathrú an Fhirtéaraigh i nDún Chaoin:
I ndintiúir den11ú Aibreán, 1778:
By indenture made between Michale Creagh and Dennis Mac Crohan, only son and heir at law of Dennis Mac Crohan, deceased and also heir at law of Joseph Mac Crohan and Mary Mac Crohan otherwise Ferriter deceased, the grandfather and grandmother of the said Dennis Mac Crohan, Thomas Trant and P. Trant eldest son and heir of the said Thomas Trant of the one part and Thomas Mullins of the other part Reciting that the said Dennis Mac Crohan, Thomas Trant and Patrick Trant had agreed with the said Thomas Mullins for the absolute purchase of the lands and tenements of Ferriter's Quarter and Kilgobbinett and part of the said lands of Ferriter's Quarter called Ferriter's Acres otherwise Pluss acres in Ferriter's Quarter situate in the parish of Dunquin, Barony of Corcaguiney and County of Kerry for the sum of £2,200 sterling.
Dob é seo an Thomas Mullins fé ndear Lá Mharaithe na bhFear 29ú Meitheamh 1793, Lá San Seán Mór:
Ag lorg ísliú sna deachaithe a bhí feirmeoirí na háite. An ceannaire a bhí orthu ná Matthew Gloster. Chuaigh slua mór acu go Cúirt Bhaile an Ghóilín agus d'éalaíodar ísliú na ndeachaithe. "Playing for time" a dhein Tomás agus dúirt sé go mbuailfeadh sé leo sa Daingean Lá San Seán Mór, an 29ú Meitheamh.
Cé go raibh na sagairt go láidir i gcoinne an teacht le chéile seo, chuadar ar aghaidh leis. Bhí eagla ar Mullins agus cuir sé fios ar an 34th Foot Brigade ó Luimneach go raibh a mhac féin ina chaptaen air.
Deireann John D. Nagle:
Accordingly, a great multitude of the people, from all parts of this barony did attend; and when the military, under the command of Captain William Townsend Mullins…..were marching up the Main St., some evil minded person flung a stone from a back-yard, over the houses at them. A man named John Griffin had an old fowling piece loaded with powder and ball, and took a deliberate aim at the commanding officer - but by the interposition of kind and merciful Providence, it missed fire,….so that Captain Mullins, the eldest son and heir of Sir Thomas, had a miraculous escape from death on that critical day. When Griffin's piece had missed fire, he ran away and hid himself in a pig-sty; but the unfortunate man was pursued by a soldier, who bayoneted him to death.
When the first shot was fired, the people ran for their lives; but six men and a woman were shot dead or killed on the spot, besides others, more or less wounded.
Dob iad a maraíodh dar le Nagle:
Thomas MacGearailt, Baile Bhiocáire, Dún Chaoin, (Gleann Loic);
Tomás Ó Cinnéide, Baile Bhoithín;
John Baker, Cathairdeargáin;
John Thomas, Gurrán;
Richard Thomas, Cill Chuáin;
John Griffin, Athacarrible, Cinn Aird;
Agus Mrs. Gloster, (Gearaltach), Na Gleannta.
Bhí an áit ina chíor-thuathail ar feadh roinnt seachtainí.
Nagle arís:
Thomas Mullins :..had deemed it prudent for safety, to go afloat with his family in a boat, - fearing that his mansion may be attacked by 'Captain Gloster' and his dupes; but, when the fray was all over, a party of military went over to Burnham House, and remained there for some days, until everything had cooled down.
It must have been a very dry summer, (1793) for when the alarm had got circulation: 'that the soldiers were to take all those who attended the meeting at Dingle on their beds' – the people of both sexes, had fled with consternation and terror, for safety to the mountains: and as a woman, in the parish of Ventry, thought her young child too great a burden – she hid it in a stock of corn; and another child – an only son, from the same parish – was also left in a sheepfold, by his own mother.
Tá traidisiún ann a bhaineann leis na Saorsaigh ó Cheann Trá go raibh gaol acu leis na Ventrys agus gur iompaíodar ina gCaitlicigh de bharr a míshásachta leis an méid a tharla Lá Mharaithe na bhFear. Pádraig Ó Siochrú a deireann an méid sin liom.
Dob é sin an 1798 ag Corca Dhuibhne é. Ní raibh giogs as muintir Chorca Dhuibhne i 1798. Bíonn eagla ar an gcat a dóitear.
Pé rud é, is dóigh liom pé meas beag a bhí ar na Mulleansaí chailleadar an lá san é, agus bheinn in amhras go bhfuaireadar riamh ar ais é.
Ní hé gur chuir sé isteach ar Thomás. Deineadh Baronet de i 1797 agus deineadh Baron Ventry de ar an 29ú Iúil 1800 de bharr vóta a thabhairt ar son na hAontachta. D'fhág sé sin ná beadh aon mheas ceart ag aon náisiúntóir air ina dhiaidh sin.
Bhí sé ina phrotastúnach docht. Níor réitigh sé féin agus An tAthair Seán Ó Cathasaigh, sagart paróiste an Fhirtéaraigh. An chéad sáipéal a tógadh i bparóiste Dhún Chaoin tar éis na bPéindlithe dob é a thóg sa bhliain 1820 é, gan cead ón Lord. Dob shin an chúis gur tógadh ar Choimín Bhailícín é, áit ná raibh smacht ag an Lord air. Bhí bagart cúirte uair amháin eadartha mar dealraíonn sé gur dhein an Lord iarracht ar stop a chur le léamh an Aifrinn i nDún Chaoin. Níor chuaigh an sagart ar aghaidh leis an gcás, áfach, fé mar a dúirt sé:
'Cé'n mhaitheas domsa, mac Mháire na bPéac ó Bhaile Uí Thaidhg dul chun cúirte le fear taisce Chiarraí, an chúirt in Ufrann agus an diabhal á réiteach.'
Cailleadh an First Baron Ventry i mí Eanair 1824 agus é 88 mbliana d'aois.
Second Baron Ventry.
An tarna Lord, William Townsend Mullins, an fear a scaoil leis na daoine Lá Mharaithe na bhFear. B'fhéidir go raibh seans leis nár mhair sé ina Lord ach trí bliana. An chéad uair san House of Lords do chuir sé iarrtas os comhair an Viceroy 'that he wished to change the title of Ventry to to that of Lord Baron Burnham, of Burnham Co. Kerry.' Cailleadh é i mBoulogne na Fraince i 1827. Is dóigh liom gur tugadh an corp abhaile go dtí na Ráithíní Thuaidh. Cé go raibh sé pósta trí n-uaire, níor saolaíodh do ach mac amháin agus cailleadh é go hóg roimis féin is gan é ach bliain is fiche d'aois.

3ú Baron Ventry 1827 - 1868
Thomas Townsend Aremberg de Moleyns mac dearthár leis a tháinig ina dhiaidh sin. Sa bhliain 1786 a saolaíodh é. Dob é a athraigh a shloinne go dtí de Moleyns le ceadúnas ríoga timpeall 1835. De bharr galántachta a dhein sé sin. Bhí "Mullins" ró-chomónta. Chuir sé iarrtas os comhair na pairliminte chuige sin, ag maíomh gur shíolraigh sé ó Sir John de Moleyns a tháinig go Sasana leis na Normanaigh. Thug sé tamall dá shaol in arm Shasana, lieutenant den 7th Foot, go dtugtaí na Royal Fusiliers orthu. Bhí sé amuigh sa Pheninsular Campaign i gcoinne Napoleon. Goineadh é fé dhó ag Cath Albuera ar an 16 Bealtaine 1811, agus d'fhan piléar ina cheathrú an chuid eile dá shaol, rud a thug an leasainm 'An Tiarna Bacach' air. Ní raibh sé ach 25 nuair a tharla sin. Fágadh ar pháirc an chatha é agus é fuar marbh de réir gach dealraimh. Ach tháinig Portaingéalach den ainm Joze air agus d'ardaigh sé ón ngort é, chuir cóir leighis air agus thug leis ón mbás é. Choinnibh an Lord Joze an chuid eile dá shaol mar dhuine dá theaghlach féin agus ba mhinic a bhíodh sé anso i mBaile an Ghóilín. Bhí an Second Lord amuigh arís ar thaobh na Sasanach i gCogadh na Saoirse i Meiriceá, agus gortaíodh arís é i gCath Nua Orleans ar an 8ú Eanair 1815. B'shin deireadh leis an gcogaíocht. Scaoileadh abhaile é ar leath-phá i mí na Nollag 1817.
Phós sé Elizabeth Theodora Blake iníon críonna le Sir John Blake ó Chaisleán Minlough i gCo. na Gaillimhe sa bhliain 1821. (Cailleadh í Deireadh Fómhair 1879). Protastúnach an-dhíograsach dob ea í agus dob í a thug Parson Gayer isteach mar shéiplíneach san áit. Dob é an fear céanna a chuir tús leis an mBíbleoireacht.
*insert pic: Elizabeth Theodora *insert pic: Helena Emily
A staunch conservative i gcúrsaí politíochta ba ea é. Mar sin féin deireann John D. Nagle:
His genuine of disposition and true liberality of heart, attached to him persons of all sentiments and political predelictions. The respect entertained for him, by those in his own station in life, was inspired by an urbanity and dignity of demeanour, which made men of all classes and politics cherish towards him, feelings of unaffected regard and esteem.
Dar Nagle bhí boiléar ag plubarnaigh is ag beiriú gan stad sna blianta 1846 agus 1847. Ar a chostas féin a dhein Ventry é sin, agus chinntigh sé nár chuaigh ach an t-ábhar ab fhearr isteach sa choire chun an súp a dhéanamh, 'minced beef, corned ling, and first quality flour.' Dar leis bhí Lady Ventry an-ghníomhach chomh maith, na muiriltí iompaithe suas aicí agus í ag dáileadh amach an tsúip lena lámha féin, 'without the slightest distinction as to creed or party.'
Bhí daoine bochta ag fáil bháis leis an ocras bailithe timpeall Cúirt Bhaile an Ghóilín gach aon lá agus Lord agus Lady Ventry ag tindeáil orthu.
Ní mór a rá, áfach nach shin é an teist atá i gcuimhne na ndaoine ar Lady Ventry, ach gurbh í a bhí go láidir taobh thiar de ghluaiseacht an tsúip.
Duine á mholadh agus duine á cháineadh, á mholadh a bhí Nagle, á cháineadh a bhí an seanlaoch, An tAthair Ó Cathasaigh, nuair a cuireadh iarrtas go dtí na Coimisinéirí Oideachais in 1837 chun scoil Dhún Chaoin a thógaint:
Lord Ventry is opposed to the present system of Education. We can expect no assistance from him. Lord Cork will give £10.
Chuaigh an sagart i ngleic leis arís timpeall 1840 nuair a d'ardaigh an Lord na clocha Ogham ó Bhaile an Reannaigh go cúirt Bhaile an Ghóilín, áit go bhfuilid fós. Bhí na clocha go léir clúdaithe ag an ngaineamh, ach nochtaíodh iad timpeall na bliana 1838 agus cuireadh an-spéis iontu. Litreacha go dtí na páipéirí a chuir an tAthair Ó Cathasaigh. Bhí an-spéis aige i sean-iarsmaí.

An 18ú Eanair 1868 lá bháis an Third Baron. 93,000 acra, 190 baile fearann agus ioncam de £35,000 sa mbliain a bhí aige. Cailleadh 'a Lady' ar an 25ú Deireadh Fómhair 1879. Tá an bheirt acu curtha sna Raithíní Thuaidh.
Fourth Baron Ventry 1868 - 1914.
Dayrolles-Blakney de Moleyns, Fourth Baron Ventry, saolaíodh 1828 agus phós in 1860 Albanach mná den ainm Harriet Frances Wauchope. 1860. ('Walkup' a thugadh muintir na háite uirthí.) Bhí Gaeilge na hAlban aici.
Bhí party mór i mBurnham ar ócáid phósta na beirte. Bhí ceilliúradh mór sa Daingean, cuireadh coinneal i ngach aon fhuinneog sa cheantar, beagnach, agus tinte creasa, agus mórshiúl agus óráid greannta agus í sínithe ag maithe agus mór-uaisle na leithinse ina measc san an tAthair John Ó Kane, Sagart Paróiste Chaisleán an Ghriaire, agus Sagart Paróiste an Fhirtéaraigh, an tAthair Pádraig Ó Mongáin.
Ag an mbainis óladh sláinte na Bainríona, Prionsa agus Banphrionsa na Breataine Bige agus an Royal Family go léir. Cuireadh Rás na mBád, nó Regatta speisialta ar siúl dóibh i gCuan an Daingin.
Bhí Dayrolles ina cholonel sa 4th Batallion den Royal Munster Fusiliers. Thaitin Londain an-mhór le Fanny Wachoupe, agus deirtear, más fíor é, go ndúirt sí go raibh Burnham House ' only fit for pigs.' Ní hé sin an tuairim a bhí ag Blakney, áfach.
Scríobhann Lydia Jane Fisher, a thug cuairt ar an áit sa bhliain 1845, díreach roimh an nGorta:
Situated on the south-west side of the harbour is Burnham, Lord Ventry's residence. It must command a fine prospect, but in itself is not at all handsome, and is quite bare of trees. It is in such an exposed situation, I suppose it would be difficult to coax trees to grow there; perhaps our climate was different in the days of old, when forests covered our hills and covered the space now occupied by bogs. Burnham was formerly called Ballingolin - I marvel why they ever changed the name.
Bhí an-spéis ag Blakney i bplandaí, i gcrainn agus i mbláthanna agus d'fhostaigh sé athair críonna Phádraig Uí Shiochrú don gcúram sin. Chíonn sibh féin na torthaí a bhí ar a gcuid iarrachtai.
B'fhearr leis Burnham ná an chúirt ab fhearr a bhí i Londain, agus ba mhinic a thagadh sé féin abhaile agus a bhean a fhágaint ann. Más ea ba aici, de réir dealraimh, a bhí an t-airgead, a chuir an dá sciathán, a d'ardaigh agus a chuir cóir ar Burnham House.
Gan dabht, ar nós na Lords eile thug sé an chuid ba mhó dá shaol i Londain agus dob é an Captaen de Moleyns a dhéanadh cúram an eastáit do. Dob é sin gur tugadh 'Captaen na Luaithe, air.
Seán Ó Duinnshléibhe, file an Oileáin, fé ndeara an ainm sin a thabhairt air tar éis don gCaptaen Muiris Feiritéar a chaitheamh amach as an dtig agus an talamh a bhí aige i mBaile Uachtarach i 1887:
Captaen na luaithe ó Bhaile an Ghóilín,
Chuir dís des na pílears le tréadaibh,
D'ordaigh sé dóibh a ngnó a dhéanamh cruinn,
Agus iad a chur go bun Duimhche an Fhirtéaraigh.
Ní raibh aon ainm eile ag formhór na ndaoine i gCorca Dhuibhne air ach an Tiarna Balbh. An chúis le sin dar le Seán Ó Dálaigh, (An Common Noun):
Bhí sé ina ardthaoiseach ar shlua airm in Aldershot, Sasana. Uair éigin sa bhliain 1856 thug an Bhainríon Victoria cuairt ar an arm agus dob é complacht Lord Ventry a roghnaíodh chun gharda onóra a thabhairt dí agus beannú dí le linn di gabháil tharstu. Nuair a tháinig sí ar an láthair bhí an ócáid ró- mhaith don bhfear bocht. D'ath an teanga ina bhéal agus nuair ba cheart do an t-ordú a thabhairt ní thiocfadh aon fhocal amach as a bhéal. 'An tArdthaoiseach Balbh' a thugadh na Sasanaigh féin air.
Dealraíonn sé go raibh an Tiarna Balbh ina phrotastúnach docht go maith. Ó Dálaigh arís:
Bhí an Tiarna Balbh dubh ar fad i gcoinne na gCaitliceach agus gach aon jeab a bhí ag imeacht Protastúnach a gheibheadh é, an Dochtúir, an dlíodóir, an Breitheamh, Oifig an Phoist agus fiú an Cléireach Cíosa. Bhí an Daingean lán d'oifigí Protastúnacha, ba chuma maith nó olc iad, ní raibh uaidh ach san.
Más ea, conas gur bhronn sé clog ar an sáipéal Caitliceach sa Daingean sa bhliain 1878, agus é sin tugtha aige ó Londain? Tá an clog fós ann. Bhí sé leis na blianta fada mar uachtarán ar an Poor Law Union, ach tháinig an lá. Ba mhór an lá spórt an lá úd sa Daingean nuair ná fuair sé a dhóthain bhótaí chun é d'fhanacht insa chathaoir. Níor dhein sé ach preabadh ina shuí agus bualadh an doras amach. D'fhág sé a hata ina dhiaidh. B'shiúd leis ceann nochtaithe trí shráideanna an Daingin agus fuinneamh nimhe fé agus é ag caint leis féin sa bhalbhántaíocht cainte a bhí aige. …Dob é an lá deireannach ag dul go dtí Tig na mBocht é. Níor chuaigh sé ina ghiorra ná gaobhar ón lá úd go dtí lá a bháis.
I Londain a chaitheadh an Tiarna Balbh an chuid is mó dá shaol, agus an captaen ina ionad. Níor chuaigh an captaen go dtí aon chruinniú as san amach ach chomh beag.
I gcuntas a thug Hanna Moriarty ó Rath Fhionnáin sa bhliain 1984 deireann sí:
I remember seeing Lord Ventry. I was going to Dingle with my father in a horse and common cart sitting on a cushion of hay, I could have been eight or nine years old. It was a lovely summer's day. As we neared Barry's forge, Cluais, Lord Ventry's coach overtook us, a long black, shiny coach with silver fittings, and drawn by two dappled greys. The tackling and shafts of the carriage were all brasses. A coachman dressed in a black coat and hat sat high up in a box in front. He carried a long whip. Outside the carriage on some steps – one on each side of the door – were two grooms dressed in red and gold livery, red peaked caps with gold braid. They were holding on to two tall poles. The inside of the carriage was all black leather. His lordship sat in solitary grandeur on the offside of the carriage facing us. He was a big fat man with big blue eyes and three chins. Bhí rian a choda air. He wore a black overcoat and a tall silk hat. My father gave half the road as the carriage passed us – horses trotting, everything sparkling. My father raised his hat. His lordship raised his hand in salute. When he died my father went to his funeral in Raithín Úi Thuaidh.
Fifth Baron Ventry.
Cailleadh Dayrolles sa bhliain 1914 agus tháinig a mhac críonna Frederick Rossmore Wauchoupe Eveleigh de Moleyns i gcoáirbeacht air mar an Fifth Baron. Bhí sé ina Mhajor agus Battalion Lieutenant des na Fourth Hussars.

Seo cuntas ar a theacht abhaile ón mBoer War i mí Eanair 1898.
Arrival Home of Captain the Hon. Frederick W. de Moleyns.
Dingle, Tuesday.
The arrival home of the above brave young officer was the occasion of great public rejoicing. The railway station long before the train steamed in was thronged by an immense gathering of people. The Holy Stone fife and drum band played several airs, and the appearance of the valiant gentleman as he stepped on to the platform was the signal for loud and ringing cheers from the vast assemblage. The following address was written by Dr. Miles, J.P. –
Dear Sir – On behalf of your Dingle friends we give you a hearty welcome home. Since you left for South Africa we have watched your career with pleasure, with anxiety and with pride; with pleasure, because you were placed in a position of great responsibility which you carried out with credit to yourself and benefit to your country; with anxiety, for the safety of your life, and with pride, for you acted the part of brave soldier and risked your own life to save that of a comrade, and for which we are proud to know that your sovereign decorated you with the badge for distinguished service. We congratulate your noble father and mother on your safe return, and we trust his lordship may be spared for many years to preside over a tenantry that hold him in such respect. The spontaneous welcome which you have received tonight only shows the respect and affection in which your family are held, and that you may be spared for many years to come, and that when your time comes to fill the space of the head of the family, that you may walk in your father's footsteps.
Signed - G. P. Collier, Timothy Galvin, John F. Miles, P. M'Kenna, Maurice Fitzgerald, John M'Donnell.
Agus é sin as an Kerry Sentinel, an páipéar náisiúnach:
To this Capt. F.W. de Moleyns replied as follows - My kind friends, I can never forget the welcome you have given me on my return from South Africa. I am very conscious that I do not deserve such a reception, and that you take far too generous a view of my work, but I see in your kindness one more sign of the affection and esteem which you have for my father, and of your goodwill towards his family and myself. Again thanking you for your welcome and wishing you all a Happy New Year (loud cheering).
Captain de Moleyns having entered his carriage, the horses were unyolked and the carriage taken along by stalwart hands and en route to the town, fireworks by Mr. Thos. McClean and the Dingle coastguards illuminated the way, which was dotted by several huge bonfires and burning torches borne by the fishermen of Dingle. A most attractive feature of the proceedings was an island midway between the town and Burnham, on which blazed three large bonfires, between which were erected tall spars, from which were suspended such lights as are carried by steamers at sea. The effect was good and credit is due to the promoters, Mr. Jack Moriarty and his crew, aided by Mr. P. Griffin, late of America. The town throughout was splendidly illuminated, in particular Farnakilla House, the residence of Dr. Miles, the Workhouse and Hospitals, which latter are indebted to the Burnham family for ther kind attention. The Monastery and the R.I.C. Barracks were nicely lighted. Amid vociferous cheering the young gentleman left for his handsome ancestral residence, besieged on his way by a number of his Lordship's employees and tenantry who came to meet him.
Kerry Sentinel, Sat. Jan. 22, 1898.
Dob é ba mhó a dhíol an talamh leis an Land Commission. Scéal eile.
Cailleadh é ar an 22 Mean Fómhair 1923 i mBrighton agus tá sé curtha i Stapleford gairid do Melton Mobray.
The Sixth Lord Ventry.
Arthur William Eveleigh de Moleyns
Bhí sé ina chúrnal sa Chéad Chogadh, agus dob é a dhíol an tig, mar go raibh cúrsaí cánach ró-mhaith do. 'The Colonel, a tugtaí air. 93,000 acraí, 190 baile, a díoladh le Coimisiún na Talún.

Luigh anseo chun é seo a mhéadú
Cailleadh é i 1936.
Ó 1927 amach bhí Burnham House ina choláiste ullmhucháin. Duine des na céad siúracha a tháinig ann ná Elizabeth Chute, a bhí ina dhiaidh sin ina Ceann ar an scoil agus an clochar anso, bean go mb'fhearr aithne uirthi mar an tSiúir Borgia, go raibh gaol gairid aici leis na Ventrys.
Seventh Baron Ventry
Arthur Frederick Daubeny Evleigh de Moleyns
Ba é Arthur an mac ba shine ag Arthur an Sixth Lord agus tháinig sé i gcóirbeacht ar i 1936. Saolaíodh i 1898 agus cailleadh é in aois 88 bliana i 1986. Bhí sé sna Irish Guards idir 1917-1918 agus ina dhiaidh sin ina Commodore sna RAF (Airship Branch). Bhí suim thar na bearta aige in árthaigh aeir nó airships. Seo thíos píosa a tógadh as nuachtáin tar éis a bháis:
*insert: newspaper cutting
Eighth Baron Ventry
Andrew Harold Wesley Daubeny de Moleyns
Andrew, mac do Francis Alexander Innys Eveleigh Ross de Moleyns, deartháir an seachtú Tiarna, a tháinig i gcomhairbeacht ar an Séú Tiarna. Saolaíodh i 1943 agus tá sé ina bheathaidh i gcónaí i Sasana.
Na hAthmháistrí.
Ó 1800 amach bhí na Lords ina mbaill den House of Lords i Westminster. Chomh maith le sin bhíodar an-ghafa san arm. D'fhágaidís cúram an eastáit fés na hathmháistrí nó na haidhmhéaraithe. Bhí drochcháil ar chuid acu san.
Peter Thompson, agus a bhean, Mrs. Thompson, a bhí go láidir san Bhíbleoireacht agus a scríobh 'The Present State of Dingle etc sa bhliain 1845, go bhfuil cóip de fós anso sa choláiste, sínithe aici féin.
Edward Day Stokes, Thomas Chute agus Captain Edward Alured de Moleyns, go bhfuil cuimhne agus trácht orthu. Deartháir leis an Fourth Lord, go dtugadh muintir na háite 'Captaen na Luaithe' ab ea Captain Edward Alured.
Níos déanaí bhí Albanach, McClean, ina athmháistir.
Ba mhinic, gan dabht a cuirtí an milleán ar an Lord as rud a dhein an t-athmháistir, agus ba mhinic iad meascaithe lena chéile, msh., gur tuigeadh gurb é Captaen na Luaithe Lord Ventry féin.
Deireann Seán Ó Dálaigh:
Tugadh Captaen na luaithe ó Bhaile an Ghóilín air,mar ná raibh sé riamh in aon chogadh ná cath agus nár chuaigh sé níos congaraí riamh do ná Trá Lí. Ach ní raibh aon bharrach méise eile ar fuaid Chiarraí lena linn ba mhó ná é.
Cíos do thiarna nó bia do leanbh.
Cíos dé Luain nó an luath dé Máirt.
Lucht Oibre Lord Ventry
Beirt bhuitléir ó Shasana a bhí ag obair i mBurnham House
(Ceamara Chorca Dhuibhne)
Cuid de lucht oibre Lord Ventry
(Dingle Down the Years - Tom Fox)

Clann lucht oibre Lord Ventry. Bhíodh tea party eagraithe dóibh go bliantúil
(Dingle Down the Years - Tom Fox)
Lucht Oibre an Tiarna sna blianta deireanacha
Fuarthas an t-eolas seo a leanas ó Michael O'Connor, Cluais Mhór
Mná Tí: Mary Keddy
Mary Tacaberry
Níochán: Bridget Monaghan
Ann Minch (Mrs. Pats O'Connell)
Stewards: Mc Leid,
(All Scottish) Duncan McDonald
John Rottery
Barthwick
Athmháistir: Paddy Mc Cline
Lóiste: Mc Quaid
Buitléarach: Booker
Footman: Johnny Coates
Cóisteoirí: Pats Lyne
Billy Devaney
Tom Daye
Fir treabhaidh: Davy Donegan
Mike Ginnea
Garraíodóirí: Pats Connell
Paddy Scanlon
Crúiteoirí na mba:
Ellie Griffin, Baile Móir , Mrs. John O'Connor, Cnoc na hAbha
Bid O'Neill, Baile Móir, Mrs. Tomás Griffin, Mullinaglennig
Miss Kelliher, Ballinna – Mrs. Maurice Curran, Cnoc an Bhróigín
Oibritheoirí eile: Matt Gloster, Andy Beag O'Connor, Mikeen Buí Griffin, John Baker, Séamus and John Gloster
Fir tréada: Pats Browne, Tadhg Garvey
Maor Géime: Pat Sugrue, Dan McCarthy, Móin an Ré
Gabha: Jim Barry, Cluais Mhór
An Fheirm
Bhí 1,400 acra ar an bhfeirm. Is é Johnny O'Connell ó Chontae Lú a thug an chéad "Reeper and Binder" go Burnham.
Ainmhithe
50 bó agus 5 tarbh– Ayrshire, Sorthorn agus Kerry's.
200 beithíoch de phóir éagsúla.
2000 caoirigh.
22 Capall: 10 gCapall oibre Clysdales
8 gCapall fiaigh
4 Chapall cóiste
Cad a d'imigh mícheart?
Is beag atá scríte mar gheall ar na Ventrys. Dob iad na huaisle ba thábhachtaí sa chontae, bhíodar i measc 8% den ard aicme sa tír aicme Protastúnach go raibh 95% de thalamh na hÉireann acu, suas le 100,000 acra talún. Níl ach timpeall dosaen leathanach mar gheall orthu go léir i Leabharlann an Daingin, agus níl an méid sin féin i Leabharlann Thrá Lí.
Fiú amhráin agus scéalta, is beag tagairt atá ann dóibh, agus an méid atá ann, is fada ó mholadh é. Chualabhair go léir mar gheall ar 'Bó na bPóilíní, go mbeidh tagairt arís againn do.
Bhí jeab cruaidh le déanamh ag Mullins, agus ba bheag seans a bheadh aige. Ar dtús, bhí sé ina bhall den arm sin, arm na mbuathóirí go raibh an ghráin dhearg ag na Gaeil air. Chomh maith le sin bhí sé ina Phrotastúnach. Bhí sé ina ghrabber ar thalamh na Ríseach. Bhí sé gan aon fhocal Gaeilge, agus Gaeilge a bhí ag nach mór gach éinne des na daoine an t-am sin.
Bhain sé sin leo go léir. Níl aon fhianaise againn go raibh oiread is focal Gaeilge ag éinne acu. A mhalairt ar fad. Timpeall comharsanacht Bhurnham níl oiread is logainm amháin Gaelach ann. Fiú an sloinne féin, deireann an Seabhac linn:
Muileans d'airíos riamh mar Ghaeilge ar ar an Mullins úd. Ní chuala riamh 'Ó Maoláin' air.
I dtaobh cúrsaí creidimh dhe bhí sé ráite mar gheall orthu go rabhadar ina gCaitlicigh ar dtús ach ina dhiaidh sin ina bprotastúnaigh dhíograiseacha. Ach fós, deireann Johnny Nagle gur thug na seanMulleansaí dídean agus cosaint do shagart a bhí ar a choimeád ar feadh sé mhí i gCúirt Bhaile an Ghóilín, agus gur caitheadh go huasal leis. Nuair a bhí an sagart ag fágaint thug sé a bheannacht dos na Mulleansaí mar bhuíochas agus dúirt ná bhfaigheadh éinne acu bás i gcath nó i gcogadh, agus cé go raibh an-chuid acu go minic i lár na bruíona agus gur gortaíodh go dona iad níor maraíodh éinne ar pháirc an chatha.
Déarfá go raibh na deacrachtaí céanna a bheag nó a mhór ag na Firtéaraigh, na Treanntaigh, na Rísigh agus na Gearaltaigh ach gur éirigh leo san teacht slán agus tá fhios againn go léir an meas a bhí ag clanna Gaeil ar na Firitéaraigh. Níor éirigh leis na Mulleansaí teacht timpeall ar na deacrachtaí sin, áfach, agus toisc sin, bhí a mbuille tugtha ón gcéad lá a thánadar 'on ceanntar.
Cad a fhágadar againn?
1. Coláiste Íde
2. Na coillte/ plandaí etc.
3. An clog.
4. Seans ná beifeá ag lonnú ar an mbaile go bhfuil tú inniu agus an talamh roinnte amach mar atá ach Lord Ventry.
5. An sáipéal – an scoil, an t-ospidéal.
6. Gaolta leo fós timpeall.
Mórán iarsmaí timpeall, pictiúirí, litreacha, leabhair cíosa, altanna as nuachtáin, etc.
Ba cheart go gcuirfí scéal na Ventrys le chéile nuair atá an seans fós againn, agus ní amháin na Ventrys ach na Boyles, na Husseys, na Hicksons, na Rísigh, na Treantaigh, na Gearaltaigh, agus a thuilleadh nach iad. Ní fada eile a bheidh an seans againn. An chuid is mó des an foinsí a bhaineann leo is anso timpeall atáid, ach mórán eile is i mBleá Cliath agus fiú i Londain atáid, ach ní amháin gur fiu é, ach tá sé riachtanach má theastaíonn uainn stair na háite a chur le chéile dos na glúnta atá romhainn, go bhfuil na Ventrys agus a leithéid mar chuid an-thábhachtach de.
|