Stair



Colaiste Ide Ba chuid d'eastát an Tiarna Fionntrá, Coláiste Íde, tráth agus is i bhfoirgneamh na scoile a bhí a thigh cónaithe, a tógadh i 1790.

Cuntas iomlán ar na Tiarnaí Fionntrá. scríte ag Mícheál Ó Dubhshláine, OS

Cuireadh sciathán nua leis an dtigh i 1929, dhá bhliain tar éis bhunú Choláiste Ullmhúcháin(Coláiste oiliúna múinteoirí) i mBaile an Ghóilín. Sa bhliain 1961, cheannaigh Siúracha na Trócaire an foirgneamh agus úsáideadh mar mheánscoil lánGhaelach chónaithe é suas go dtí mí Meithimh 1996. Nuair a tháinig deireadh le gníomhaíochtaí oideachais na Siúracha i gCorca Dhuibhne, bhunaigh grúpa tuismitheoirí, múinteoirí agus a gcairde comhlucht teoranta –Cairde Choláiste Íde Teoranta. Tá léas fadtéarmach ar an gcoláiste sínithe ag an eagraíocht seo leis na Siúracha agus is iad atá i mbun reachtáil Choláiste Íde ó 1996 go dtí an lá inniu. Tá Cairde Choláiste Íde Teoranta cláraithe mar charthannacht in Éirinn.

Príomhoidí an choláiste



Our Church T á Coláiste Íde lonnaithe in áit álainn a bhfuil an iliomad radharcanna breátha le feiscint ann. Tá saibhreas mór d'iarsmaí réamhstaire agus Críostaíochta le fáil sa cheantar chomh maith le réimse leathan plandaí agus ainmhithe. Ar imeall an chabhsa ag teacht isteach go dtí an scoil tá an fhoirm scríofa Ghaeilge is luaithe ón 5ú –7ú haois, le fáil greannta ar chlocha Ogham.

Faigh cuntas anseo ar a bhfuil scríte ar na Clocha Ogham



Pádraig Ó Siochfhradha T ógadh an scoláire agus an Seanadóir cáiliúil, Pádraig Ó Siochfhradha (1883-1964), nó An Seabhac, mar ab fhearr aithne air i dtailte an choláiste. Tá aithne fhorleathan air go háirithe mar údar scéalta seoighe, Jimín Mháire Thaidhg. Thug muintir an tSeabhaic a leabharlann phearsanta ar iasacht do Chairde Choláiste Íde le déanaí agus tá a leabharlann ar ais ar a fhód dúchais agus beidh sí ar fáil do scoláirí agus lucht léinn amach anseo.



Back to Homepage
©

1999 - 2007